Torthaí Searbha

Éabha Nic Uidhilin

Gaeilge, Prose,
School Closure Stories

Unschool Club

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Dhúisigh Sadhbh go tobann. Bhí sí stiúgtha leis an ocras. Bhí an ghrian ag scaladh tríd an fhuinneoigín bheag, ag soilsiú an seomra. Bhí spideoigín bheag ina shuí ar leac na fuinneoige agus é ag canadh go binn. D’éirigh sí amach as an leaba go cúramach, ní raibh sí ag iarraidh Máire a dhúiseach. Bhí sé fós an-luath agus bhí chuile dhuine fós ina gcodladh. Shiúil sí isteach sa gcistineach go ciún agus bhreathnaigh sí isteach sa gcófra adhmaid. Ní raibh dóthain bia ann, ná baol ar. Ní raibh ann ach sciar leite do dhuine amháin. Lig sí osna aisti. Bhí a fhios aici go raibh cúrsaí go dona ach baineadh geit aisti. 

 Chroith sí leis an bhfuacht agus bhain sí pluid de chathaoir a bhí in aice láimhe. Ní raibh ann ach giobaill ag an staid seo ach mar sin féin, chlúdaigh sí a cuid guaillí leis. Shuigh sí síos agus thriallaigh sí na deoraí a bhí ag bagairt sileadh síos a choinneáil isteach. 

 Bhí a tuismitheoirí ina gcodladh ina seomra, a bhí scartha ón gcistin le balla tanaí adhmaid agus bhí Sadhbh in ann a hathair a chloisteáil ag srannadh. Bhí an bheirt acu traochta. Bhí siad ag streachailt go mór chun an clann a bheathú agus an tUasal Wellington a íoc leis an gcíos chomh maith. Níor léirigh an fear sin trócaire d’aon duine. Bhí siad ar fad chun bás a fháil sa gcaoi a bhí rudaí ag dul.

 Phléasc sí amach ag caoineadh agus shil na deora síos a héadan cosúil le habhainn ag sreabhadh síos cnoc. Ní raibh sé ach ceithre mhí roimhe sin a d’aimsigh siad an dubhaigh ar na fataí ach ón am sin ar aghaidh, bhi muintir Uí Chadhain ag maireachtáil ar bheagnach tada. Fiú roimh an ngalar ar na fataí bhí siad beo bocht ach bhí an t-ádh orthu i gcomparáid leis an gcaoi a bhí rudaí anois.

 Bhí eastát an Uasail Wellington trí mhíle síos an bóthar agus bia de chuile shórt á bhfás ann. Bhí an dearg-ghráinn ag Sadhbh ar an bhfear cruálach, cradhlasach sin. Chuir sé déistin uirthi go raibh sé ag suí ar a thóin ramhar ag ithe cibe rud a bhí uaidh fad is a bhí muintir na háite ag fáil bháis leis an ocras. Ní raibh sé fiú seachtain ó shin ó fuair Mícheál Ó Murchú beag bás toisc nach raibh leigheas ná bia ar fáil dhó. Bhí sé scanallach. 

 Thriomaigh sí a haghaidh agus agus sheas sí suas go cinniúnach. Chuir sí uirthi geansaí a hathair a bhí tiubh teolaí thar a gúna oíche a bhí chomh fada lena glúine agus amach an doras léi. Bhí an mhaidin go hálainn agus bhí na héanacha ag góilín. Rith sí tríd an bhféar fada, a cosa nochta ag éirí báite agus dhreap sí thar na sconsaí cloiche a scair na páirceanna óna chéile. Níorbh fhada gur shroich sí imeall eastáit Wellington- coill cuíobhasach mór a bhí ann. Bhí na crainnte ag séideadh leis an ngaoth fhionnuar agus bhí na duilleoga ag cur scáth thairsti. Bhí an choill ag breathnú sách scanrúil, fiú mura n-admhódh Sadhbh di féin é.

 Dhreap sí go faicheallach thar an gclaí agus thosaigh ag siúl go máll, réidh, tríd na crainnte. Bhí sí beagnach chomh ciúin le luchóg. Rith giorria amach os a comhair agus thosaigh sé ag stánadh uirthi. Rinne sé fuaim aisteach agus thosaigh sé ag déanamh uirthi go fíochmhar. Léim sí amach as an mbealach agus thosaigh sí ag réabadh tríd an gcoill, an giorria díreach taobh thiar di. Fuair muinchille a geansaí gafa i ngéag chrainn agus tarraingíodh siar í. Bhain an giorria plaic as a rúitín agus theith sé. Scread Sadhbh amach i bpian.

 Thuig sí chomh luath is gur fhág an fhuaim a béal gur botún mhór a bhí ann. Sheas sí suas le deacracht agus bhreathnaigh thart i gcomhair áit le dul i bhfolach. Chuala sí glórtha i bhfad i gcéin. 

 ‘Did you hear that shout? There’s someone in the forest.’

 Rith sí chomh sciobtha in Éirinn is a bhí sí in ann go sceach mór lán le sméara dubha. D’oscail sí bearna sna driseacha agus toisc nach raibh an dara rogha aici, léim sí isteach. Ghearr na dealgacha i ngach áit í seachas aon áit a bhí clúdaithe lena geansaí.

 Chuala sí na fir ag éirí níos gaire. Sár i bhfad bhí siad le feiceáil agus gunnaí ina lámha acu. D’aithin sí duine acu, is a huncail Colm a bhí ann. Bhain sé beatha na n-éag aisti. Bhí an dubhfhuath i gcónaí ag Colm ar an gclann Shasanach agus é síoraí seasta ag tabhairt amach faoin Uasal Wellington, agus anois bhí sé ag obair dhó. Is dóigh gur tréimhse eisceachtúil a bhí ann agus bhí Béarla líofa ag Colm. Bhí a fhios ag an saol is a mháthair gur theastaigh an t-airgead uaidh.

 Shiúl siad beagnach chomh fada le háit folaigh Shadhbh agus bhí a croí ina béal. Ní bheadh sé ró-dheacair í a fheiceáil tríd na driseacha i ngeansaí bán a hathair.

  ‘There’s no-one here’, a dúirt Colm agus é ag déanamh sracfhéachaint thart.  

  ‘Let’s go’, a dúirt an fear Sasanach.

 Níor thuig Sadhbh gíog a bhí á rá acu ach chas siad timpeall agus iad ag dul ar ais i dtreo an tí. Lig sí osna faoisimh aisti féin agus dhreap sí go cúramach amach as an sceach. Anois agus an chontúirt imithe, tháinig an pian ina cos ar ais agus bhí an t-ocras tar éis éirí níos measa. Thosaigh a bolg ag geonaíl agus smaoinigh sí arís faoi Mháire bheag sa mbaile.

 Shiúil sí go bacach i dtreo an tigh, bhí sí amhail is cinnte go raibh úllord ann in áit éicint. Tháinig sí go dtí imeall na coille agus bhí an teach mór millteach os a comhair chomh maith le garraí glasraí agus úllord lán le húlla, piorraí, agus plumaí.

 Ní raibh deoraí thart agus theith sí trasna go dtí an crann úll is gaire agus thosaigh ag piocadh. Bhain sí di an geansaí agus bhailigh sí na húlla ann. Bhí crann plumaí fairsing le torthaí móra mealltacha céad slat uaithi agus bhreathnaigh sí thart arís. Bhí an áit báinnithe. Rinne sí ar an gcrann go haireach agus rug sí greim ar phluma. 

 Chuala sí coiscéimeanna agus sula bhfuair sí an deis breathnú cé a bhí ann chuala si pléascadh agus glór a huncail ag screadaíl. Tháning pian aisteach uirthi ina bolg agus thit sí chun talamh. Bhí aghaidh Choilm le feiceáil anois agus bhí sé in umar na haimiléise. Phléasc sé amach ag caoineadh. D’eitil spideog thairsti agus thuirling sé ar chrann os a cionn. Bhí an ghrian ag lonrú síos ag soilsiú na háite. Dhún sí a cuid súile. 

 

Fighting Words CLG. Company Registered in Ireland 437119 Registered Charity CHY 18262. Copyright © 2018.